Suas leis an tseamróig
17 Mar 2008 12:42
Beannachtaí na Féile Pádraig daoibh!
Do chinneas, ar ócáid an lae seo, ar chuid de mo sheana-ghrianghrafaibh ó Éirinn do fhoilsigh inniu 's amárach. (Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge, Gaillimh agus/nó Árainn Mhór).
“Ansin fíoraíodh tairngreachtaí na seanamhrán ar bhealach!” arsa Biolbó.
“Ar ndóigh!” arsa Gandalf. “Agus cad chuige nach bhfíorófaí iad? Ná habair liom nach gcreideann tú na tairngreachtaí, toisc go raibh baint agat féin lena gcur i gcrích? Níl tú ag ceapadh, an bhfuil, gur tharla do chuid eachtraí trí sheans agus de thaisme go huile agus go hiomlán ar mhaithe leatsa amháin? Is breá an duine thú, a Bhaigínigh dhil, agus tá an-chion agam ort; ach níl ionatsa i ndeireadh na dála ach diúlach beag i ndomhan mór leathan!”
“Táim fíorbhuíoch faoi sin!” arsa Biolbó le gáire, agus shín sé próca an tobac chuige.












